Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
An Coimisiún Eorpach
  • Buiséad

    An méid a dhéantar le buiséad an Aontais:

    Déanann buiséad an Aontais comhlánú ar na buiséid náisiúnta. Dírítear é ar réimsí ina mbíonn tionchar níos mó ag gníomhaíocht chomhchoiteann ná mar a d’fhéadfadh tíortha a bhaint amach ina n-aonar. Gach bliain, glactar buiséad bliantúil laistigh den chreat fadtéarmach, lena dtacaítear le tosaíochtaí ar nós an mhéid seo a leanas:

    • Iomaíochas, poist ar ardchaighdeán a chruthú, lena rannchuidítear leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach
    • Tionscadail a bhfuil gné Eorpach ag baint leo, cuir i gcás bonneagar trasteorann, malartuithe mac léinn nó tionscadail ilnáisiúnta
    • Slándáil bia, tacaíocht a thabhairt d’fheirmeoirí, talmhaíocht inbhuanaithe agus ardcháilíocht saoil a chur chun cinn ar fud na réigiún uile
    • Cosaint agus slándáil
    • Freagairt chomhroinnte ar ghéarchéimeanna agus éigeandálaí, cuir i gcás paindéim COVID-19 nó tionchair chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine
    • Gníomhaíochtaí domhanda an Aontais trí chomhpháirtíochtaí idirnáisiúnta, comhar um fhorbairt agus cabhair dhaonnúil.

    Tá an chéad bhuiséad fadtéarmach eile de chuid an Aontais le teacht, ó tharla go bhfuil buiséad ilbhliantúil nua de dhíth ar an Aontas, ó 2028 ar aghaidh.

    Príomhfhigiúirí

    6.8 milliún Líon na ndaoine a fuair post trí thionscnaimh Chiste Sóisialta na hEorpa ó 2021 i leith
    2.5 milliún Líon na ngnólachtaí ar tugadh tacaíocht dóibh tríd an mbeartas comhtháthaithe idir 2014 agus 2022
    98 milliún tona An méid CO₂ a gcuirtear cosc ar a scaoileadh gach bliain

    Réimsí gníomhaíochta

    Eolas faoi thairbhithe buiséid, torthaí tionscadal beartais réigiúnaigh, agus sonraí a bhaineann le maoiniúchán agus an méid a baineadh amach faoi chláir a bhfuair maoiniú ón Aontas

    Na príomhnithe a baineadh amach

    • Is é an tAontas an príomhdheontóir cabhrach daonnúla ar domhan. In 2024, leithdháileadh os cionn €2.49 billiún i gcabhair dhaonnúil ó bhuiséad an Aontais, rud a chuidigh le níos mó ná 300 milliún duine.  
    • In 2024, leithdháileadh beagnach €61 bhilliún chun tacú le cuspóirí aeráide, agus díríodh os cionn €14 bhilliún ar chuspóirí bithéagsúlachta. Is ionann na méideanna sin agus 32% agus 6.7% de bhuiséad iomlán an Aontais faoi seach. 
    • In 2024, thacaigh beagnach €38 mbilliún de bhuiséad an Aontais le comhionannas inscne: sin 19% den bhuiséad iomlán.
    • Tá Galileo, córas loingseoireachta satailíte an Aontais, in úsáid ag níos mó ná 4 bhilliún úsáideoir fón cliste ar fud an domhain.
    • Trí bhuiséad an Aontais, bhain 16 mhilliún duine tairbhe as an gClár Erasmus ó bhí 1987 ann, rud a chuir ar a gcumas staidéar, oiliúint nó obair a dhéanamh thar lear.
    • Le hinfheistíochtaí a rinneadh trí bhuiséad an Aontais, maoiníodh suiteáil 3,613 km de cháblaí leictreachais trasteorann idir 2014 agus 2020.
    • Ó thús fhogha na Rúise faoin Úcráin, tá tacaíocht chuimsitheach nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo curtha ar fáil ag an Aontas don Úcráin agus dá muintir. Shlóg sé níos mó ná €158 mbilliún i dtacaíocht airgeadais, eacnamaíoch, dhaonnúil, mhíleata agus taidhleoireachta, i réimsí ríthábhachtacha ina measc, cuir i gcás dímhianú, fuinneamh agus coireanna na Rúise a ionchúiseamh. 
    • Bronnadh níos mó ná 30 duais Nobel ar thaighdeoirí a fuair tacaíodh dá gcuid oibre ó bhuiséad an Aontais, rud a tharraing aird ar fheabhas na heolaíochta san Aontas.
    • In 2024, maoiníodh 5 scannán a ainmníodh do ghradam Oscar le buiséad an Aontais, rud a léiríonn tionchar na tacaíochta do thionscail chruthaitheacha.

    Sa spotsolas

    An nuacht is déanaí

    Nuashonraíodh an leathanach seo den uair dheireanach an 9 Márta 2026